An taibhreamh

‘Féach,’ arsa Pontius, nach raibh spéis ar bith aige ar dhroichead a thógáil idir é féin agus ar tharla, ‘ceannairceach ba ea é, sceimhlitheoir, fuair sé an íde a bhí ag dul dó de réir na dlí.’

‘B’fhéidir,’ ar sise, go mánla, ‘ach ní raibh aon ghá lena sciúirseáil, gabháil d’fhuipeanna ann, an bhordáil uisce sin, bhí ag dul thar fóir.’

‘Féach, féach,’ agus ba dhroch-chomhartha a bhí ann nuair a dúirt sé rud ar bith faoi dhó, ‘ní thuigeann tusa cúrsaí stáit. Tá an deireadh chugainn!’

Níor dhuine foighneach é Pontius an t-am ab fhearr a bhí sé, agus níorbh é an t-am ab fhearr é a bheith múscailte as a chodladh i lár na hoíche. ‘Cén rámhaillí é sin agat, a bhean? Níos fearr fós ná sin, tabharfar rud éigin, ‘Caipitligh Rómhánacha’, nó rud éigin, orthu! Lig a sheanscairt gháire as: ‘Níl aon mhuinín agat asamsa, a bhean, an bhfuil? Ba ghnách go ndéantaí leis de réir a fhocail. Anois dún do chlab, agus téir a chodladh!’

Spéir amuigh Leis sin, las an spéir amuigh le tintreach, agus chualathas an chré ag ionfairt faoina gcosa. Chuala na nithe a dúirt sé gur h-inseadh iad uile ar fuaid sléibhte Iúdea ar fad. Bhí siad go léir ciontach.’
‘An duine sin leis an ngruaig fhada. ‘Sin arís é! Má thagann siad riamh i gcumhacht, agus ní thiocfaidh, ná bíodh aon chorrabhuais ort. Abair íoróin!’ Cad tá á rá agat in ainm Iúpatair?’

‘An duine sin a daoradh chun báis inniu, nach ndúirt mé leat gur duine fíréanta é?’

Ciontach ‘Cén duine? Abair nach gceansófar a lucht leanúna, go n-aiséireoidh siad arís, go dtiocfaidh siad i gcumhacht, go mbunóidh siad scoileanna, go gcuirfear ár gcuid déithe i leataoibh, agus go gcuirfear an milleán orainne ar fad.’

Leis sin dhúisigh Pontius Píolóit ar fad. ‘Ó, mo dhuine,’ ar seisean, ‘ní dúirt sé faic, mar ní raibh faic le rá aige.’

‘Chuala mise go raibh go leor le rá aige. D’éirigh sé aniar sa leaba. An duine nár labhair faic.’

Agus b’éigean do Phíolóit a chloigeann a thochas ar feadh tamaill chun go dtiocfadh a mheabhair chuige go slán. Smaoinigh mé air sin. Níl ach aon rí amháin ar an áit seo, agus sin Caesar. An duine ar lean an bhailbhe air. Nach ndúirt mé leat go raibh tromluí agam faoi.’ Bhí allas le Procula faoi seo, agus í ina suí go colgdhíreach sa leaba. ‘Mise a sheirbhíseach anseo. Bhí mórán acu ann. Chuala daoine ag rá gur rí ba ea é.’

‘Ní thabharfainn aon aird ar a bhfuil daoine ag rá. ‘Táim an-ghlic. ‘Ach cuir i gcás,’ ar sise, ‘agus níl ann ach cur i gcás. Rinne tusa go maith as. Cuirfear an milleán ar na Giúdaigh! Agus mhúscáil Procula, bean Phontius Píolóit as a suan, agus thug sunc sna heasnacha dá fear a bhí sínte tar éis obair an lae ag damnú daoine chun báis, agus dúirt sí leis: ‘Múscail, tá an domhan go léir ar chrith!’

Agus dhein Pontius gnúsachtach agus chas timpeall ar a shliasaid agus chrom ar shranntarnach arís. Agus d’éimh sí leis, is thug speach níos tréine dó an uair seo, ‘Éist, nach raibh an ceart agam! Is gá pianpháis a imirt ar dhaoine mar dhíol ar a gcuid dánachta, agus chun pléisiúr a thabhairt do lucht an chirt.’

Ar éigean gur thuig Procula an méid seo, mar bhí rud eile ina fháth buartha aici. Agus an oíche sin luasc an talamh agus tháinig doircheacht ar an domhan go léir go dtí an naoú huair, agus stracadh ina dhá chuid an teampall ó bhun go barr, agus scoilt na carraigreacha.